Harp Day Schools’ Resource Pack

To celebrate Lá na Cruite|Harp Day, we have created a resource pack for schools to teach students about their national instrument. The resource pack comprises of a short history of the harp and a related worksheet, a crossword, a harp quiz, a colouring page and an audio file of the Labhraí Loingseach story and all are available to download in both English and Irish language versions.
The story of Labhraí Loingseach is one of the oldest harp legends in Irish mythology. Labraid Loingsech (English: the exile, mariner), also known as Labraid Lorc, son of Ailill Áine, son of Lóegaire Lorc, was according to medieval Irish legend, a High King of Ireland. He was an ancestor of the Laigin, who gave their name to the province of Leinster.
The story has been adapted by Affraic Brophy for Cruit Éireann|Harp Ireland. Actor Áine Moynihan narrates it in English and in Irish. Original music and effects have been kindly provided by harper-composer Úna Monaghan. The Carolan tune, ‘Planxty George Brabazon’, has been arranged and performed by harper Alannah Thornburgh.
Lá na Cruite|Harp Day is funded by the Arts Council, an Chomhairle Ealaíon and the Heritage Council.
Tá leagan Gaeilge ar fáil thíos.
Áis Scoile Lá na Cruite
Chun Lá na Cruite | Harp Day a cheiliúradh, tá pacáiste acmhainní cruthaithe againn do scoileanna chun cabhrú le daltaí foghlaim faoina n-uirlis náisiúnta. Cuimsíonn an pacáiste acmhainní stair ghearr na cruite agus bileog oibre ghaolmhar, crosfhocal, tráth na gceist, leathanach dathúcháin agus taifead den scéal Labhraí Loingseach. Tá siad ar fad ar fáil le híoslódáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Tá scéal Labhraí Loingseach ar cheann de na finnscéalta cruite is ársaí i miotaseolaíocht na hÉireann. Ba é Labhraí Loingseach, ar a dtugtaí Labhraí Lorc freisin, mac Ailill Áine, mac Lóegaire Lorc, Ard-Rí na hÉireann de réir scéala. Bhí sé ina shinsear ag na Laigin a bhí lonnaithe i gCúige Laighin ó thús. Bhí an-chion acu ar Labhraí agus tugadh “dia i measc na ndéithe” air i ndán luath-Ghaelach.
Chóirigh Affraic Brophy an scéal seo do Chruit Éireann|Harp Ireland. Tá sé curtha i láthair as Gaeilge agus as Béarla ag an aisteoir Áine Moynihan. Tá an ceol cruite nua-aimseartha, cumtha ag an gcruitire hÚna Monaghan, in úsáid sa taifead lena caoinchead. Tá Planxty George Brabazon, le Turlough Ó Cearbhalláin, cóirithe agus curtha i láthair ag Alannah Thornburgh, cruitire.
Tá Lá na Cruite maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus an Chomhairle Oidhreachta.